Jump to content

Artemisia Gentileschi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaArtemisia Gentileschi

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Iúil 1593
an Róimh (Stáit an Phápa)
Bás1653
59/60 bliana d'aois
Napoli (an Spáinn Hapsburgach)
Péintéir cúirte
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachIodálaigh
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht
Suíomh oibre An Róimh (1622–1626)
Flórans (1610–1620)
An Veinéis
Genova
Napoli Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, ealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraPortráid, péintéireacht reiligiúnda, péintéireacht staire agus pictiúr miotaseolaíochta
GluaiseachtCaravaggisti (en) Aistrigh
Catalogue raisonnéOrazio and Artemisia Gentileschi (2001)
Artemisia Gentileschi and the Authority of Art (1999) Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidOrazio Gentileschi
TeangachaAn Iodáilis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéilePierantonio Stiattesi Cuir in eagar ar Wikidata
AthairOrazio Gentileschi  agus Prudenzia di Ottaviano Montoni
SiblínFrancesco Gentileschi
Síniú

Musicbrainz: 22b17a10-da61-4415-837f-b94de0645cce Discogs: 5688888 Find a Grave: 28032448 Cuir in eagar ar Wikidata

Péintéir Barócach Iodálach ab ea Artemisia LomiArtemisia Gentileschi[1], (8 Iúil 1593 – c 1656). Meastar go bhfuil Gentileschi i measc na n-ealaíontóirí is éirimiúla ón seachtú haois déag, ag obair i dtús báire i stíl Caravaggio. Faoi 15 bliana d'aois, bhí sí ag táirgeadh saothar gairmiúil.[2] I ré nuair nach raibh mórán deiseanna ag mná dul le hoiliúint ealaíonta nó obair mar ealaíontóirí gairmiúla, ba í Gentileschi an chéad bhean í a tháinig chun bheith ina ball den Accademia di Arte del Disegno i bhFlórans, agus bhí cliant idirnáisiúnta aici.

Baineann go leor de phictiúir Gentileschi le mná sa mhiotaseolaíocht, allagóirí agus an Bíobla, lena n-áirítear íospartaigh, féinmharaithe, agus laochra.[3] Is iad Susanna e i vecchioni (Gaeilge: Susanna agus na Seanóirí) cuid dá hábhair is cáiliúla (go háirithe leagan 1610 in Pommersfelden), Giuditta che decapita Oloferne (tá a leagan 1614–1620 i ngailearaí Uffizi), agus Giuditta con la sua ancella (tá a leagan de 1625 san Institiúid Ealaíon Detroit).

  1. The American Heritage Dictionary of the English Language (5th ed.). HarperCollins
  2. Garrard, Mary D. (1989). Artemisia Gentileschi: The Image of the Female Hero in Italian Baroque Art. Princeton University Press. ISBN 978-0-691-04050-9.
  3. Gentileschi, Artemisia: Judith and Her Maidservant (1612-3)