Jump to content

Julian Assange

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJulian Assange

(2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Julian Paul Assange
Beathaisnéis
Breith(en) Julian Paul Hawkins
3 Iúil 1971
52 bliana d'aois
Townsville, Queensland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaLiobraíochas
Scoil a d'fhreastail sé/síCentral Queensland University (en) Aistrigh
Ollscoil Melbourne
Townsville State High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheAmbasáid Eacuadór, Londain
Magnetic Island
Melbourne
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí Idirlín, iriseoir, scríbhneoir, láithreoir, duine den lucht gnó, sceithire, stiúrthóir teilifíse, eolaí ríomhaireachta, léiritheoir teilifíse, haiceálaí, ríomhchláraitheoir, láithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1987 –
FostóirWikiLeaks Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtapolaiteoir neamhspleách (2015–)
Páirtí Wikileaks (2012–2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ainm cleiteProff
Mendax Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Eile
CéileStella Assange (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Shipton  agus Christine Ann Assange
CúiseamhComhcheilg le coir a dhéanamh, neamhfhreastal, luach anaithnid, éigniú, drochúsáid ghnéasach, comhéigean, cibearchoireacht, spiaireacht, comhcheilg le coir a dhéanamh agus conspiracy to commit espionage (en) Aistrigh
Ciontaíodh i24 cibearchoireacht (1996)
neamhfhreastal (2019)
→ (príosúnacht)
conspiracy to commit espionage (en) Aistrigh (2024)
→ (Time served (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
23 Márta 2022bainis
11 Aibreán 2019indictment and arrest of Julian Assange (en) Aistrigh
1999colscaradh
1989bainis
United States of America v. Julian Paul Assange (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm4006677 Allocine: 602140 Allmovie: p737465
Twitter: julianassange TED: julian_assange Musicbrainz: 6b5e6501-4753-4894-9009-0e6984767b4e Discogs: 3759609 Cuir in eagar ar Wikidata

Iriseoir agus gníomhaí Idirlín is ea Julian Paul Assange (a rugadh ar an 3 Iúil, 1971). Tá aithne níos fearr air mar urlabhraí agus príomheagarthóir WikiLeaks, láithreán gréasáin sceithireachta.[1] An fhírinne lom a chur i láthair a bhí mar aidhm ag Assange ach tharraing sé conspóid i gcónaí: "spiaireacht" a thug na Meiriceánaigh ar a chuid oibre ach scúpanna a thug na meáin chumarsáide ar na scéalta a sceith sé agus ar bhain siad leas go fonnmhar astu.

Bhí Assange sáinnithe i Londain idir 2012 - 2024 ag iarraidh eiseachadadh a sheachaint.[2] Chaith sé seacht mbliana in Ambasáid Eacuadór i Londain agus cúig bhliain coinnithe faoi ghaibhniú aonair i bpríosún ardslándála Belmarsh. Bhí Rialtas na Stát Aontaithe ag iarraidh an dlí a chur air faoi spiaireacht agus ag iarraidh go n-eiseachadfaí Assange chun na Stát Aontaithe.[3] Tá Assange ina chónaí anois san Astráil, a thír dúchais.

Nollaig 2009., comhdháil 26C3
2010
2012
físchomhdháil, 2015
agóid i Londain, 2021

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1990idí, bhí sé ina mhac léinn fisice agus matamaitice agus ina ríomhchláraitheoir chomh maith.

Sna 2000idí, bhí sé ina chónaí i dtíortha éagsúla agus dúirt sé féin ag an am nach bhfanann sé rófhada in aon áit amháin ach ar feadh seal.

Bhí sé le feiceáil go poiblí go neamhrialta agus é ag labhairt faoi chinsireacht, saoirse an phreasa agus iriseoireacht iniúchacht; bhuaigh sé freisin trí dhuais iriseoireachta as a chuid oibre le WikiLeaks; an Economist Index on Censorship Award (2008), an Amnesty International UK Media Award (2009) agus an Sam Adams Award (2010). Bhí an New York Times, an Guardian agus go leor nuachtán eile breá sásta a chuid eolais a fhoilsiú.

WikiLeaks[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Assange an láithreán gréasáin conspóideach WikiLeaks sa bhliain 2006.

Gníomhartha uafáis a rinne arm Mheiriceá san Iaráic agus san Afganastáin ba ea cuid mhaith de na scéalta sin. D'fhoilsigh Wikileaks ábhair a rinne cur síos ar, mar shampla:

i measc doiciméad eile.

Príomhalt: WikiLeaks

Triail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí seacht mbliana caite ag Assange faoi dhídean in Ambasáid Eacuadór i Londain le nach n-eiseachdfaí é go dtí an tSualainn (agus "ionsaí gnéis" curtha ina leith)[5] agus iarratas déanta ag Stáit Aontaithe Mheiriceá go n-eiseachadfaí chun na tíre sin é (léigh an scéal dochreidte anseo).[6]

Gabhadh Assange in Ambasáid Eacuadór i Londain ar an 11 Aibreán 2019. I ráiteas a rinne Rialtas Eacuadór, dúradh gur baineadh a stádas dídíne de mar gheall go bhfuil sé ag sárú "coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus prótacail laethúla" as éadan.[7]

Idir 2019 agus 2024, bhí sé á choinneáil i bPríosún Belmarsh i Londain. Ciontaíodh é ina choinníollacha bannaí a shárú in 2012.

I mí Eanáir 2021 rialaigh an Breitheamh Vanessa Baraitser nár chóir Assange a eiseachadadh mar gheall ar "mhórchontúirt" go gcuirfeadh sé lámh ina bhás féin. Ach deireadh na bliana sin d'éirigh le Meiriceá san Ardchúirt i Londain an breithiúnas sin a chur ar ceal.[8] Ansin sa bhliain 2022, bhí eiseachadadh Assange chun na Stát Aontaithe chun gur féidir é a chur ar a thriail maidir le cúiseanna coiriúla, ceadaithe ag Rúnaí Baile na Ríochta Aontaithe, Priti Patel.[9]

Ag éisteacht dhá lá mí Feabhra 2024, d'iarr abhcóidí thar ceann Assange cead dúshlán a thabhairt do bhreithiúnas a bhí tugtha roimhe sin a chuir go leataobh mórchuid a gcuid argóintí in aghaidh dhíbirt an iriseora.[2]

I mí an Mhárta 2024 diúltaíodh do chás Assange arís, ach rialaigh an chúirt go mbeadh cead aige achomharc a lorg muna dtiocfadh deimhniú ó Rialtas Mheiriceá faoi 3 cheist:

  • go mbeadh cosaint saoirse cainte faoin gCéad Leasú ar Bhunreacht na tíre sin aige;
  • nach mbeadh "claontacht" ina aghaidh ar bhonn náisiúntachta; agus
  • nach mbeadh bagairt an bháis ag fanacht leis thall.[2]

Scríobh Ambasáid na Stát Aontaithe i Londain Nóta, a dúirt nach raibh Assange cúisithe le coir lena mbaineann pionós an bháis agus gealladh nach gcurfar ar a thriail é faoi choir lena mbaineann an pionós sin. Dúirt an tAbhcóide James Lewis "go mbeidh Assange in ann cosaint faoin gCéad Leasú a iarraidh" agus nach mbeadh aon chlaonadh ina aghaidh ar bhonn náisiúntachta.[8]

Ar an 20 Bealtaine 2024, rialaigh an Ardchúirt i Londain nach raibh na geallúintí tugtha ag na Stáit Aontaithe sásúil agus gur chóir achomharc iomlán a dhéanamh. Ní raibh Julian Assange é féin sa gcúirt, "ar mhaithe lena shláinte". Chruinnigh slua suntasach ag tacú le Assange os comhair na cúirte, iarcheannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine Jeremy Corbyn ina measc. Bhí bean chéile Assange, Stella, agus daoine muinteartha eile ag an éisteacht, a bhí ar na bacáin le 3 bliana.[8]

Saoradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saoradh é ar an 24 Meitheamh 2024. Bhí sé scaoilte saor ó phríosún i Londain tar éis dó margadh a dhéanamh le Rialtas na Stát Aontaithe. De réir an mhargaidh, phléad sé ciontach i spiaireacht agus mar sin, tugadh cead aige filleadh ar an Astráil, a thír dhúchais.[3]

De réir an mhargaidh déanta leis na Stáit Aontaithe, ar an 25 Meitheamh 2024, ghearr cúirt in Saipan[10] téarma príosúin 62 mí ar Assange, an méid céanna ama a chaith sé in Belmarsh i Londain (2019-2024).[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tomás Ó hAodha. "Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-13.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-05-20). "Cúirt chinniúnach faoi Assange a eiseachadadh as Sasana" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2024-06-25). "Assange scaoilte saor ó phríosún, margadh déanta le Meiriceá" (as ga-IE). 
  4. Cuireadh spéis faoi leith sa gcuntas a tugadh ar ionsaí a rinne na Meiriceánaigh le héileacaptair i mBaghdad. Maraíodh ocht nduine dhéag a bhí neamhchiontach ar fad. Ina measc bhí beirt iriseoirí le Reuter agus beirt ghasúr. Léirigh video a rinneadh go raibh criúnna na héileacaptair ag gáirí agus iad ag déanamh an ionsaithe. Damáiste comhthaobhach (collateral damage) a thabharfadh na Meiriceánaigh air. Go deimhin chuaigh siad níos faide ná sin nuair a dúirt siad gur timpiste a bhí ann a tharla le linn comhraic lámhaigh. (Tuairisc.ie)
  5. Cuireadh "ionsaí gnéis" ina leith ach tharraing údaráis na Sualainne siar an líomhaintí sin in 2019, beagnach láithreach.
  6. Simon Hattenstone (2021-10-16). "Stella Moris on her secret family with Julian Assange: ‘He’s unlike anyone I have ever met’" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-06-26.
  7. Nuacht RTÉ (2019-04-11). "Julian Assange curtha siar faoi choinneáil i gcúirt i Londain" (as ga). 
  8. 8.0 8.1 8.2 Nuacht RTÉ (2024-05-20). "Cead faighte ag Assange achomarc a lorg in éadan a eiseachadadh" (as ga-IE). 
  9. Nuacht RTÉ (2022-06-17). "Eiseachadadh Julian Assange chun na Stát Aontaithe ceadaithe" (as ga). 
  10. Príomhoileán na nOileán Máirianach Thuaidh is ea Saipan agus is leis na Stáit Aontaithe na hoileáin sin.