Jump to content

Keir Starmer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSir
Keir Starmer

(2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Keir Rodney Starmer
2 Meán Fómhair 1962
61 bliana d'aois
Southwark, England Cuir in eagar ar Wikidata
Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
5 Iúil 2024 –
← Rishi Sunak
Ball den 59ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
4 Iúil 2024 –

Toghcheantar: Holborn and St Pancras (en) Aistrigh

Ceannaire an Fhreasúra
4 Aibreán 2020 – 5 Iúil 2024
← Jeremy Corbyn
Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre
4 Aibreán 2020 –
← Jeremy Corbyn
Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Nollaig 2019 – 30 Bealtaine 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Holborn and St Pancras (en) Aistrigh

Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
19 Iúil 2017 –
Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Meitheamh 2017 – 6 Samhain 2019 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Holborn and St Pancras (en) Aistrigh

Scáth-Rúnaí Stáit um Scor den Aontas Eorpach
6 Deireadh Fómhair 2016 – 4 Aibreán 2020
← Emily ThornberryDeireadh an phoist →
Scáth-Aire Inimirce
14 Meán Fómhair 2015 – 27 Meitheamh 2016 (éirí as)
← David Hanson
Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Bealtaine 2015 – 3 Bealtaine 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Holborn and St Pancras (en) Aistrigh

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leeds
St Edmund Hall (en) Aistrigh
Reigate Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheKentish Town
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmabhcóide, polaiteoir, saineolaí dlí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCrown Prosecution Service (en) Aistrigh, Director of Public Prosecutions (en) Aistrigh (2008–)
Doughty Street Chambers (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
16 Eanáir 2023Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileVictoria Starmer (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRodney Starmer (en) Aistrigh  agus Josephine Anne Baker (en) Aistrigh
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinkeirstarmer.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1901015 Facebook: KeirStarmerLabour Twitter: Keir_Starmer Instagram: keirstarmer Youtube: UCclw_dv8UAQs86ZsRJ3H5jg Cuir in eagar ar Wikidata

Is príomh-aire na Ríochta Aontaithe é Sir Keir Rodney Starmer KCB (a rugadh ar an 2 Meán Fómhair 1962) agus ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre. D'éirigh sé ina Fheisire Parlaiminte do Holborn agus St Pancras sa bhliain 2015 agus ina Cheannaire ar an bhFreasúra in 2020.

Tar éis dó cáiliú don bharra, ghníomhaigh sé go heisiach mar dhlíodóir cosanta a dhírigh ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine, sular ceapadh é mar Abhcóide na Banríona (QC) i 2002. In 2008, rinneadh Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) agus Ceann Sheirbhís Ionchúiseamh na Corónach (CPS).

Mar Cheannaire ar an bhFreasúra, bhí an róchoimeádachas á lua go láidir leis agus é ag diúltú sos comhraic láithreach a éileamh in Gaza, seasamh arb é an toradh air gur tugadh bata agus bóthar do roinnt daoine ar a bhinse tosaigh nár aontaigh leis. Deir a lucht tacaíochta go bhfuil míthuiscint ar dhaoine faoi Starmer agus gur duine praiticiúil é a bhí meáite ar Pháirtí an Lucht Oibre a chur i mbun rialtais chun leas na tíre a dhéanamh, seachas a bheith ag cnáimhseáil sa fhreasúra agus gan aon athrú a dhéanamh.[1]

Reigate Grammar
an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, 2012
Keir Starmer agus Jeremy Corbyn, 2019
toghchánaíocht, 2020
Ardfheis 2021: bhí an róchoimeádachas á lua go láidir le Starmer
Ardfheis 2021: cur in aghaidh láidir

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Keir Starmer i Southwark, Londain ar an 2 Meán Fómhair 1962. Bhí sé ar dhuine de chúigear leanaí de chuid Josephine (née Baker), altra, agus Rodney Starmer, déantóir uirlisí. Bhí galar Still ar a mháthair. De réir tuairiscí ainmníodh é i ndiaidh Keir Hardie, an chéad cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre.[1]

Ní raibh a mhuintir rómhaith as agus is minic é ráite aige gur bhraith a athair go raibh drochmheas ag daoine air mar gheall ar a shlí bheatha. Deir Starmer gur mhúnlaigh taithí sin a athar a mheon i leith na sochaí agus gur mhúin sé dó an gá atá le meas a léiriú ar chách.

Ghnóthaigh sé an scrúdú 11-móide agus iontráil i Reigate Grammar School, ansin ina scoil stáit dheonach le cúnamh, cé gur thiontaigh sé go scoil ghramadaí neamhspleách a íocann táillí i 1976 nuair a bhí sé ann.

Bhí Starmer ar an gcéad duine dá chlann a chuaigh go dtí an coláiste. Rinne sé staidéar ar an dlí in Ollscoil Leeds, agus bhain sé céim Bhaitsiléara Dlí (LLB) den chéad scoth amach i 1985. Thug sé faoi staidéir iarchéime i Halla St Edmund, Oxford, agus bhain sé céim amach in Ollscoil Oxford mar Bhaitsiléir sa Dlí Sibhialta (BCL) i 1986.

Gairm dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh abhcóide de Starmer sa bhliain 1987, sa Mheán-Teampall. D’oibrigh sé i réimse chearta an duine sular ceapadh ina phríomh-ionchúisitheoir é in 2008.

Bhí sé ina bhall de Doughty Street Chambers, ag obair go príomha ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine. Fógraíodh chun an bharra é i roinnt tíortha i Muir Chairib.[2] D'oibrigh sé go háirithe do Helen Steel agus David Morris i gcás McLibel, a chuaigh chun cúirte i 1997. In agallamh, chuir sé síos ar an gcás go raibh sé go mór le “Dáiví agus Góla”, agus dúirt sé go raibh “foireann dlí thar a bheith maith ag gníomhú do McDonald’s ar chostas mór agus b’éigean do Dave agus Helen gníomhú ar a son féin agus go raibh sé mar saghas cúltaca saor in aisce nuair is féidir. Cuireadh faoi agallamh é do McLibel, an clár faisnéise faoin gcás arna stiúradh ag Franny Armstrong agus Ken Loach.[3]

Ceapadh é mar Abhcóide na Banríona i 2002, an bhliain chéanna a tháinig sé chun bheith ina chomhcheannasaí ar Doughty Street Chambers. D’fhóin Starmer freisin mar chomhairleoir um chearta an duine do Bhord Póilíneachta Thuaisceart Éireann agus do Chumann na bPríomhoifigeach Póilíní, agus bhí sé ina bhall freisin de Phainéal Comhairleach Phionós Báis na hOifige Eachtracha ó 2002 go 2008. Sa bhliain 2007, ainmníodh é mar "QC na Bliana" ag eolaire dlí na RA.[4]

I mí Iúil 2008, d’ainmnigh an tArd-Aighne Patricia Scotland Starmer mar Cheann nua ar Sheirbhís Ionchúiseamh na Corónach agus mar Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ; i gcomharbacht ar Ken Macdonald an 1 Samhain 2008. Rinneadh binseoir ansin de Starmer sa bhliain 2009.

Bhí sé ina DPP go dtí 2013. Mar gheall ar a ról mar Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ceapadh é mar Cheannasaí Ridire ar an Order of the Bath. sna hOnóracha Athbhliana 2014.

Feisire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor chuaigh Starmer leis an bpolaitíocht go dtí go raibh sé sna caogaidí agus ba in 2015 a toghadh chun na parlaiminte den chéad uair é. Cheap iarcheannaire an pháirtí, Jeremy Corbyn, Starmer mar Scáth-Aire Stáit um Inimirce, ról ar éirigh Starmer as in 2016, in éineacht le go leor Feisirí Parlaiminte eile, mar agóid i gcoinne ceannaireachta Corbyn.

Cé gur mhinic Starmer ag easaontú le hiarcheannaire an pháirtí, Jeremy Corbyn, thoiligh sé a bheith ina urlabhraí Breatimeachta don pháirtí. Ceapadh é ar an Scáth-Chomh-Aireachta i mí Dheireadh Fómhair 2016 mar Scáth-Rúnaí Stáit chun an tAontas Eorpach a Fhágáil, tar éis na vótála chun imeacht ón Aontas Eorpach. Bhí sé glan in aghaidh an Bhreatimeachta ach deir sé nach ndéanfaidh sé aon iarracht é a chur ar ceal. Bhí Starmer ina abhcóide glórach don dara reifreann, ag rá go vótálfadh sé chun fanacht.

Tar éis gur chaill an Lucht Oibre in olltoghchán 2019, toghadh Starmer mar Cheannaire nua Pháirtí an Lucht Oibre ar an 4 Aibreán 2020. I mí na Bealtaine 2022, d’fhógair póilíní na Breataine go n-osclófaí imscrúdú ar shárú líomhnaithe ar na rialacha iata sláintíochta a bhí i bhfeidhm in 2021 sa Ríocht Aontaithe.

Ceannaire agus Príomh-aire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é olltoghchán 2019 an t-olltoghchán is measa a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre ó 1935 agus bhí a rás rite ag Corbyn mar cheannaire. Roghnaíodh Starmer mar chomharba air agus d’éirigh leis smacht a chur ar pháirtí a bhí scoilte go tóin.

Chuir Keir Starmer roimhe an páirtí a bhogadh I dtreo an láir agus chaith sé i dtraipisí cuid mhór de chlár sóisialach Corbyn. Ghabh sé leithscéal as an bhfríth-Sheimíteachas a bhí ag scaipeadh sa pháirtí, de réir fiosrúchán inmheánach.[1]

Is minic é curtha i leith Starmer gur rómhinic  a fhaigheann an pragmatachas an ceann is fearr ar a chuid prionsabal. Rinne sé maolú chomh mór sin ar phlean go gcaithfeadh Páirtí an Lucht Oibre na billiúin ar an teicneolaíocht ghlas nach raibh ann sa deireadh ach sop in áit na scuaibe le taobh an chéad mholta. Fuarthas locht air chomh maith as fáil réidh le cuid de na gealltanais a rinne sé agus é ag seasamh do cheannaireacht an pháirtí. I measc na ngealltanas sin, bhí ardú ar cháin ioncaim, seirbhísí poiblí a chur faoi choimirce an stáit agus fáil réidh le táillí ollscoile.[1]

Príómh-aire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 4-5 Iuil 2024, bhí ollbhua faighte ag Páirtí an Lucht Oibre in olltoghchán na Breataine agus scrios déanta ar na Tóraithe.

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

An íomhá a cuireadh chun cinn go minic de Keir Starmer ná gur dlíodóir go smior é a lean na faisin is déanaí de chuid na heite clé a bhí  liobrálach, bogásach, a bhain le scothaicme na cathrach agus gur beag a thuiscint ar fhadhbanna an ghnáthdhuine.[1]

Deir a lucht aitheantais nach duine leamh mímhuinteartha rócháiréiseach é, mar a mhaítear go minic, ach a mhalairt. Duine cairdiúil é a bhfuil slí bhreá leis agus bá aige le daoine, a deir siad.[1]

Tá an sacar agus Arsenal gar dá chroí agus d'imir sé féin le scata cairde as tuaisceart Londan go dtí 2024.

In 2007, phós Starmer Victoria Alexander,[5] aturnae agus Giúdach. Bhí siad ina gcónaí i Kentish Town go dtí 2024. Tá beirt clainne orthu, buachaill a rugadh in 2007 agus cailín in 2009. Mar Giúdaigh a tógadh iad

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 "Keir Strmer an chéad phríomhaire eile ar an mBreatain" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-05). Dáta rochtana: 2024-07-05.
  2. "Middle Temple | The Honourable Society of the Middle Temple". web.archive.org (2024-06-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-23. Dáta rochtana: 2024-07-05.
  3. mcspotlight.org (2024-07-05). "Keir Starmen interview: The Transcript". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-07-05. Dáta rochtana: 2024-07-05.
  4. Stephen Bates (2008-07-31). "'He has an ability to motivate and is not easily cowed. If there is a row with the government he will fight his corner'" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-07-05.
  5. "Victoria Starmer" (as en) (2024-07-05). Wikipedia.