Jump to content

Reilig Varna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Reilig Varna
Íomhá
Sonraí
CineálSuíomh seandálaíochta
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCúige Varna, An Bhulgáir
Map
 43°12′47″N 27°51′52″E / 43.2131°N 27.8644°E / 43.2131; 27.8644
Seoda óir ó Reilig Varna i músaem na cathrach

Suíomh adhlactha Neoiliteach i Varna, in oirthear na Bulgáire is ea Reilig Varna (Bulgáiris: Варненски некропол), agus í suite i gceantar tionsclaíochta Varna in iarthar na cathrach. Tá Reilig Varna leathchiliméadar ó Loch Varna agus 4km ó lár Varna. Áirítear an suíomh ar cheann de mhórshuíomhanna seandálaíochta an domhain. Thángthas ar an taisce óir is sine ar domhan sa suíomh, taisce a théann siar 4,600 RC go 4,200 RC bliain.[1]

Tháinig fear a bhí ag tiomáint tochaltóra ar an reilig de thimpiste sa bhliain 1972. Tá 294 duine adhlactha inti.

  1. [1] Gems and Gemstones: Timeless Natural Beauty of the Mineral World, By Lance Grande

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]