Jump to content

Scarbhileog

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scarbhileog
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgné bogearraí agus catagóir bogearraí Cuir in eagar ar Wikidata

Clár ríomhaire lenar féidir sonraí, uimhreacha agus/nó téacs a chur isteach is a thaispeáint i maitrís dhronuilleogach. Is féidir na sonraí a phróiseáil is a láimhseáil ar bhealaí difriúla de réir mar a chinneann an t-úsáideoir. Mar shampla, is féidir colúin nó sraitheanna uimhreacha a shuimiú, a idirmhalartú nó a mhéadú faoi thairisigh. Tugann scarbhileoga bealaí réasúnta simplí, ach cumasach mar sin féin, chun sonraí airgid is eile a anailísiú, agus baintear feidhm astu go forleathan i gcúrsaí gnó.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scarbhileog". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 582.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]